Donegal County Council Logo
Home > Your Council > Communications Office > Press Releases 2023 > March

16/03/2023 - Exciting new Irish Language reading pack for schools launched by Donegal County Library in Edeninfagh

Irish Language Resource Pack Launch

Councillors Donal Coyle, John Shéamuis Ó Fearraigh, Michael Cholm Mac Giolla Easbuig, Michael McClafferty, Oilibhéar Mac Fhionnghaile Principal of Scoil Náisiúnta Éadan Fhionn Fhraoich, Kayla Reed - An Gúm, Mariann O’Kane Boal – CBI, Irish Language Officers and Donegal County Library staff at the launch of Ceiliúradh Teanga í a Léamh in Halla Éadan Fhionn Fhraoich.‌

 

Edeninfagh Hall was the site for the launch of a new Irish Language reading resource on Wednesday 15th March.

 

The aim of “Ag Ceiliúradh Teanga í a Léamh” is to support adults, whether that be parents, guardians, teachers and others so that they can share Irish Language books with the young people in their lives. The resource pack is available free to download online from www.childrensbooksireland.ie and a printed copy has now been produced for every school in Donegal.

 

The resource pack focuses on fifteen high-quality books for readers from 0 to 18, with questions, challenges and activities that will allow them to further engage with the stories. Donegal County Library have 30 copies of each title available to borrow as part of the class set collection.     

 

 

Speaking at the launch, Leas-Chathaoirleach of Glenties Municipal District, Councillor Michael McClafferty, explained how “Donegal County Library and Children’s Books Ireland deserve high praise for the excellent work they are doing to promote the reading of Irish here in Donegal and throughout the country. Books are a great help when learning a language because there is richness in the words and phrases. You learn without realising it.”

 

Cathaoirleach of the Coiste na Gaeilge Councillor Michael Cholm Mac Giolla Easbuig spoke about the importance of supporting Gaeltacht schools and communities like Éadan Fhionn Fhraoich.

 

Schools and parents can find out more by contacting their local library.

 

 

 

 

 

Acmhainn léitheoireachta nua do scoileanna seolta ag Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall i Halla Éadan Fhionn Fhraoich

 

Seoladh acmhainn léitheoireachta nua ag Halla Éadan Fhionn Fhraoich Dé Céadaoin 15 Márta.

 

Tá sé d’aidhm ag an acmhainn nua seo “Ceiliúradh Teanga í a Léamh” ó Sheirbhís Leabharlainne Dhún na nGall agus ó Leabhair Pháistí Éireann tacaíocht a chur ar fáil do dhaoine fásta, idir thuismitheoirí agus chaomhnóirí, mhúinteoirí agus eile, ionas gurbh fhéidir leosan leabhair Ghaeilge a roinnt leis na páistí agus daoine óga ina saol.

 

Tá an acmhainn seo, leis na gníomhaíochtaí ar fad, saor le híoslódáil ag www.childrensbooksireland.ie Tá cóip clóite ar fáil anois d’achan scoil sa chontae.

 

Tarraingíonn sé aird ar chúig leabhar déag den scoth do léitheoirí 0–18, agus le ceisteanna, dúshláin agus gníomhaíochtaí meallann sé na léitheoirí sin isteach sa scéal. Tá tríocha cóip d’achan leabhar sa phacáiste seo ar fáil ar iasacht do scoileanna i nDún na nGall le hordú óna leabharlann áitiúil.

 

Ag caint ag an seoladh, dúirt Comhairleoir Michael McClafferty, Leas-chathaoirleach Cheantar Bardasach na nGleanntaí “Tá ardmholadh tuillte ag Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall agus Leabhar Pháistí Éireann as an tsárobair atá ar bun acu léitheoireacht na Gaeilge a chur chun cinn anseo i nDún na nGall agus ar fud na tíre. Is iontach an cuidiú iad leabharthaí chun teanga a fhoghlaim mar tá saibhreas i sna focla agus frásaí a bhíonn tú ag léamh. Bíonn tú ag foghlaim i ngan fhios duit féin.”

 

Dúirt Comhairleoir Michael Cholm Mac Giolla Easbuig go bhfuil sé tábhachtach tacaíocht a thabhairt do phobail agus scoileanna Gaeltachta cosúil le hÉadan Fhionn Fhraoich.

 

Tá tuilleadh eolais ar fáil do thuismitheoirí agus mhúinteoirí óna leabharlann áitiúil.

Rate this Page

Select an option below

Map Services

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • NRDO European Project Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO